Cruinniú Tosaigh chun ‘Oideachas a Sheasfaidh an Aimsir – Tacaíocht do scoileanna san éabhlóid IS’ a sheoladh.
4th December 2025
Tionscadal um ‘Ionstraim Tacaíochta Teicniúla’ arna mhaoiniú ag an AE.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal nua, Oideachas a Sheasfaidh an Aimsir – Tacaíocht do scoileanna san éabhlóid IS, tacú le ranna oideachais in Éirinn, sa Bheilg, sa Ghearmáin, i Lucsamburg agus sa tSualainn chun straitéisí a dhearadh agus a chur i bhfeidhm le haghaidh úsáid shábháilte, eiticiúil agus bhríoch na hintleachta saorga i scoileanna, lena gclúdaítear bunoideachas, meánoideachas agus gairmoideachas agus gairmoiliúint thosaigh (VET).
Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla agus á bhainistiú ag Tascfhórsa Athchóirithe agus Infheistíochta an Choimisiúin Eorpaigh. Seoladh go hoifigiúil é le cruinniú tosaigh d’Éirinn, a tionóladh i nDún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath an 17ú Samhain, 2025.
Tugadh thart ar 40 rannpháirtí le chéile sa chruinniú ó gach cearn den earnáil oideachais. Tháinig ionadaithe ó scoileanna, ó chomhlachtaí bainistíochta, ó cheardchumainn mhúinteoirí, ó chomhlachtaí oideachais agus ó pháirtithe leasmhara eile le chéile chun raon feidhme an tionscadail a phlé agus eispéiris agus léargais a chomhroinnt.

Chuir an Roinn Oideachais agus Óige, Teicneolaíocht san Oideachas Oide agus comhpháirtithe an tionscadail in EOECNA léargas ginearálta ar fáil. Leis sin, tugadh achoimre ar phríomhchuspóirí an tionscadail: cleachtais teagaisc agus foghlama a neartú le IS, tacaíocht a thabhairt do cheannaireachtaí scoileanna agus acmhainní foghlama gairmiúla ardchaighdeáin a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais scoileanna agus an chórais oideachais atá ag forbairt.
Príomhghné den lá ab ea sraith díospóireachtaí tábla idirghníomhacha, lenar tugadh an deis do phríomhpháirtithe leasmhara léargais a mhalartú agus riachtanais scoileanna a phlé. Dhírigh rannpháirtithe aird ar réimse tosaíochtaí, lenar áiríodh inniúlacht múinteoirí a fhorbairt, tacaíocht don cheannaireacht agus tacaíocht ar leibhéal an chórais maidir le foghlaim ghairmiúil leanúnach.
Cuireadh comhthéacs luachmhar ar fáil trí na comhráití sin do na chéad chéimeanna eile den tionscadal.
Cuireadh deireadh leis an gcruinniú le seisiún aiseolais inar roinneadh moltaí cuiditheacha do na chéad chéimeanna eile mar aon le hachoimre ar léargais a bailíodh ar an lá.
Tríd is tríd, b’ionann an cruinniú tosaigh i mBaile Átha Cliath agus tús an-spéisiúil agus fiúntach leis an tionscadal seo, agus comhpháirtithe an tionscadail ag súil go ndéanfar forbairt air don chéad chéim eile den tionscnamh seo atá maoinithe ag an AE.
Faigh níos mó faisnéise faoin tionscadal seo atá maoinithe ag an AE trí chuairt a thabhairt ar leathanach gréasáin Thionscadal TSI.