Cúrsa Ar Líne chun Códú a Thabhairt Isteach (do Bhunscoileanna)
21st October 2025
Is cúrsa an-idirghníomhach é seo a thugann réamheolas do mhúinteoirí ar chódú agus ar smaointeoireacht ríomhaireachtúil, treoir céim ar chéim maidir le Scratch a úsáid agus rochtain ar réimse fairsing acmhainní ar líne agus smaointe ceachta. Bíodh is nach bhfuil an cúrsa seo dírithe go príomha orthu, tá fáilte roimh mhúinteoirí iarbhunscoile freisin agus bainfidh siad tairbhe as an gcúrsa agus as a acmhainní.