Skip to main content

Cúrsaí Aghaidh

21st December 2022

Agus iad ag baint leas as an líonra ESCI, reáchtálfaidh an fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha roinnt seimineár gréasáin agus cúrsaí aghaidh ar aghaidh do mhúinteoirí bunscoile. Léigh na cuntais thíos le do thoil agus is féidir dul i dteagmháil leis an Ionad Tacaíochta Oideachais is cóngaraí duit chun fáil amach cathain a bheidh gach cúrsa ar siúl.

Acmhainní Ríomhshábháilteachta do Ranganna ar gach Leibhéal

Is den ríthábhacht é go mbeadh fios ag ár ndaltaí go léir conas a bheith sábháilte ar líne. Tá an seimineár gréasáin mar threoir do mhúinteoirí maidir leis an tsraith d’acmhainní atá ar fáil a dhíríonn ar conas sábháilteacht ar líne a mhúineadh i seomraí ranga bunscoile lena n-áirítear leabhair mhóra do rang na naíonán agus na hacmhainní is deireanaí ó Webwise. Cuirfidh an cúrsa seo rannpháirtithe ar an eolas freisin faoi conas páirt a ghlacadh sa Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte.

Uirlisí Digiteacha Simplí le haghaidh Teagaisc agus Foghlama

Is iomaí suíomh gréasáin agus uirlis ar líne anois atá in iomaíocht le chéile chun aird múinteoirí a tharraingt. Cuireann an seimineár gréasáin seo réimse leathan d’uirlisí idirghníomhacha agus d’acmhainní i láthair ar furasta iad a úsáid agus ar féidir le múinteoirí nó daltaí leas a bhaint astu chun uirlisí digiteacha a chur i gcroílár cleachtais teagaisc agus foghlama.

Tús a Chur le Scannánaíocht agus Fís

Gheobhaidh na rannpháirtithe blaiseadh de na tairbhí a bhaineann le páirt a ghlacadh sa scannánaíocht ar mhaithe le tacú le agus forbairt a dhéanamh ar theagasc agus ar fhoghlaim sa seomra ranga sa bhunscoil. Agus é roinnte i dtrí chuid, tabharfaidh an tsraith seo blaiseadh de phróiseas na scannánaíochta, chomh maith le léargas a thabhairt ar conas is féidir é a chur i bhfeidhm i dtimpeallacht seomra ranga d’fhonn tacú le forbairt litearthachta na ndaltaí agus í a fheabhsú thar an gcuraclam.

Gheobhaidh rannpháirtithe tuiscint ar réimse scileanna bainteach le scannánaíocht ar féidir lena ndaltaí iad a fhorbairt ach leas éifeachtach a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, ar nós iadsan a bhaineann le seisiún scannánaíochta a phleanáil, píosa scannánaíochta a thaifeadadh agus eagarthóireacht a dhéanamh air.

Leas a Bhaint as Teicneolaíochtaí Digiteacha chun Feabhas a Chur ar Cheachtanna Litearthachta

Caithfidh an seimineár gréasáin seo súil ar uirlisí nua agus uirlisí atá ag teacht chun cinn ar furasta iad a dhéanamh mar dhlúthchuid de cheachtanna litearthachta. Idirghníomhóidh múinteoirí agus bainfidh siad triail as réimse suíomh gréasáin agus uirlisí le haghaidh ceachtanna Léitheoireachta, Scríbhneoireachta agus Urlabhra sa Bhéarla agus sa Ghaeilge.

Leas a Bhaint as Teicneolaíochtaí Digiteacha chun Feabhas a Chur ar Cheachtanna Uimhearthachta

Agus curaclam nua matamaitice á fhorbairt, caithfidh an seimineár gréasáin seo súil ar uirlisí nua agus uirlisí ag teacht chun cinn ar furasta iad a dhéanamh mar dhlúthchuid de cheachtanna uimhearthachta. 

A bhuí le cur chuige a leagann béim ar conas mar atá an mhatamaitic fite fuaite sa ghnáthshaol, chomh maith le réiteach fadhbanna agus acmhainní ar féidir iad a láimhsiú go fíorúil is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh eispéiris fhoghlama idirghníomhacha ag daltaí le cois a gceachtanna uimhearthachta.

Acmhainní Digiteacha Mar Thaca le OSIE a Mhúineadh

Agus leas á bhaint aige as cur chuige teagmhálach, féachann an seimineár gréasáin seo le spéis múinteoirí a mhúscailt i dteicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa seomra ranga chun tacú le cúrsaí teagaisc agus foghlama agus iad a fheabhsú.

Caitheann sé súil ar réimse d’uirlisí digiteacha ar féidir leas a bhaint astu chun forbairt a dhéanamh ar fhoghlaim ghníomhach na ndaltaí sa réime OSIE [Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta].

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.