IS don Lucht Ceannaireachta agus don Lucht Bainistíochta
Déan iniúchadh ar uirlisí praiticiúla agus ar shaintreoir chun cuidiú le d’fhoireann ceannaireachta cinntí eolasacha agus eiticiúla a dhéanamh maidir le húsáid IS i do chomhthéacs.
Ag Tosú le IS i do Scoil

An áit is fearr le tosú le hiniúchadh a dhéanamh ar an acmhainneacht maidir le húsáid IS i do scoil. Tá an t-alt sin bunaithe ar an Treoir maidir le IS i Scoileanna, agus cuirtear ceisteanna ar fáil ann maidir le húsáid IS chun tacú leis na tosaíochtaí a sainaithníodh laistigh de do phróiseas SSE agus i gcomhréir le do Phlean Foghlama Digití.
Léigh an t-alt Ag Tosú.
An Treoir maidir le IS i scoileanna – Achoimre
Achoimre ar Threoir na Roinne Oideachais agus Óige maidir le IS do Scoileanna, ina leagtar béim ar na príomhphrionsabail agus na príomhchuir chuige do scoileanna agus ina ndéantar achoimre ar shamplaí praiticiúla.
Léigh an Achoimre ar Threoir IS.

Físeáin Mhíniúcháin

Féach ar ár dtrí ghearrfhíseán míniúcháin ar IS do scoileanna.
- Cad is IS ann?
- Cad is IS Giniúnach ann?
- Cad is Algartam ann?
Féach ar na Físeáin Mhíniúcháin ar IS agus roinn iad.
IS do Scoileanna – Cúrsa ar Líne
Tugann an cúrsa gearr ar líne seo tuiscint do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile ar an Intleacht Shaorga.
Scrúdaíonn sé na cúinsí do scoileanna agus iad ag úsáid na hintleachta saorga chun críocha oideachais, lena n-áirítear a buntáistí féideartha, a teorainneacha agus a cúinsí eiticiúla.

5 Shaincheist maidir le hÚsáid IS

Sula dtosóidh tú ag úsáid IS, tá saincheisteanna tábhachtacha ba chóir a chur sna áireamh chun úsáid shábháilte agus eiticiúil uirlisí IS a chinntiú.
Léigh faoinár 5 Shaincheist maidir le húsáid IS agus íoslódáil bileog inphriontáilte lena roinnt le comhghleacaithe.
Seimineár Gréasáin do Cheannairí Scoile ar Threoir maidir le IS
Seimineár gréasáin taifeadta 30 nóiméad de chuid Oide, Teicneolaíocht san Oideachas d’fhoirne ceannaireachta scoile. Mínítear ann Treoirlínte na Roinne Oideachais agus Óige maidir le IS i Scoileanna, agus soláthraítear comhairle phraiticiúil ann maidir le glacadh IS i gcomhthéacs oideachais.
Féach ar an seimineár gréasáin ar an treoir IS.

Webwise: GINEADÓIR AUP

Rinneadh Gineadóir AUP Webwise a nuashonrú le déanaí chun IS a ionchorprú ann. Cinntigh go n-ionchorpraíonn AUP do scoile aon úsáid atá beartaithe a bhaint as IS amach anseo trí do AUP a nuashonrú lenár ngineadóir atá éasca le húsáid.
Tabhair cuairt ar Ghineadóir AUP Webwise.
Webwise: Feasach ar IS – Ceachtanna Bunscoile agus Iar-bhunscoile
I gcomhpháirtíocht le OCBÁC, chruthaigh Webwise ceachtanna do scoláirí i rang 6 agus do scoláirí iar-bhunscoile ar úsáid shábháilte agus fhreagrach na hIntleachta Saorga giniúnaí.
Faigh rochtain ar na hacmhainní nua IS Webwise ag Webwise AI Aware.

Webwise: Treoir do Thuismitheoirí maidir le IS Giniúnach

Ba é Webwise a d’fhoilsigh an Treoir seo, i gcomhpháirtíocht leis an Ionad ADAPT agus Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí. Cuirtear comhairle agus treoir phraiticiúil ar fáil ann chun cuidiú le teaghlaigh a mbealach a dhéanamh go sábháilte agus go freagrach tríd an tírdhreach IS atá ag athrú.
Íoslódáil an Treoir do Thuismitheoirí maidir le IS Giniúnach.
Tacaíocht Scoile ó Theicneolaíochtaí Digiteacha Oide
Tá tacaíocht atá saincheaptha do riachtanais do scoile á lorg agat, is féidir le foireann Teicneolaíochtaí Digiteacha Oide cuidiú leat iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfadh IS agus teicneolaíochtaí digiteacha eile tacú le spriocanna oideachais do scoile. Déan iarratas chun go dtabharfadh ball den fhoireann cuairt ar do scoil agus tacaíocht shaincheaptha, scoilbhunaithe a sholáthar duit.
Déan iarratas ar Thacaíocht Scoile Oide.
