Punanna Digiteacha: Gníomhú Foghlaimeoirí a Ghníomhachtú
4th September 2025

I mbliana, tá an Tionscnamh Punann Digiteach tagtha ar ais agus fócas athnuaite ann ar ghníomhú foghlaimeoirí, agus táimid ar bís chun fáilte a chur roimh 85 iar-bhunscoil ó gach cearn den tír chun páirt a ghlacadh. Tacaíonn an tionscnamh le múinteoirí agus le ceannairí scoile agus iad ag fiosrú conas is féidir punanna digiteacha a úsáid chun measúnú foirmitheach a neartú, scoláirí a chumasú chun úinéireacht níos fearr a ghlacadh ar a gcuid foghlama, agus chun gníomhú foghlaimeoirí ar fud phobal na scoile a chothú.