Skip to main content

Seachtain Chóid an AE – Glac Páirt inti!

6th October 2023

Is é an 7 Deireadh Fómhair an chéad lá de Sheachtain Chóid an AE 2023.

Is cuma más tosaitheoir thú nó códóir a bhfuil taithí agat, tá réimse acmhainní agus deiseanna foghlama gairmiúla curtha ar fáil ag Teicneolaíocht san Oideachas Oide chun cuidiú leat iniúchadh a dhéanamh ar chódú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil i seomra ranga na bunscoile agus na hiar‑bhunscoile. Léigh an méid thíos le haghaidh tuilleadh sonraí.

(leabaigh) Réamhrá Sheachtain Chóid an AE ó Anthony Kilcoyne, Stiúrthóir Rannáin um Theicneolaíochtaí Digiteacha – Oide.

Comórtas Sheachtain Chóid an AE

Chuireamar sraith duaiseanna le chéile le haghaidh Sheachtain Chóid an AE i gcomhpháirtíocht le hAmbasadóirí Sheachtain Chóid an AE. Nuair a chuireann múinteoir gníomhaíocht le Léarscáil Sheachtain Chóid an AE, cuirfear an múinteoir sin i gcrannchur go huathoibríoch agus beidh sé de dheis ag an múinteoir duaiseanna códaithe agus smaointeoireachta ríomhaireachtúla a bhuachan. Tá sé d’aidhm againn níos mó ná 1000 gníomhaíocht phionnáilte ar an léarscáil a bhaint amach i mbliana!

Chun gníomhaíocht a chur leis an léarscáil téigh chuig https://codeweek.eu/ agus lean na céimeanna san fhíseán seo. Lean @CodeWeekIRL agus @OideTechinEd ar X le haghaidh nuashonruithe agus chun súil a choinneáil ar thorthaí an chrannchuir sheachtainiúil. Cuirfidh do rannpháirtíocht agus do chúnamh feabhas ar Sheachtain Chóid an AE 2023 ionas go n‑éireoidh thar cionn léi!

Cúrsa ar Líne i gCódú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil

Is iontach an deis í Seachtain Chóid an AE chun do spéis a fhorbairt agus chun machnamh a dhéanamh ar iarratais seomraí ranga. Tá gearrchúrsa ar líne againn atá saor in aisce, a dtacaíonn ríomh‑theagascóirí leis chun cuidiú leat tosú air. Cé gur dearadh an gearrchúrsa seo do mhúinteoirí bunscoile, tá fáilte roimh mhúinteoirí iar‑bhunscoile clárú air freisin.

Cláraigh Anseo

Féach Anois

Ár Mol maidir le Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil

 Cad is smaointeoireacht ríomhaireachtúil ann? Conas mar a théann códú leis an gcuraclam? Cén chaoi ar féidir liom rochtain a fháil ar acmhainní foghlama gairmiúla agus ar acmhainní an tseomra ranga ar na hábhair seo?

Agus muid ag dréim le Seachtain Chóid an AE, is féidir leat na freagraí a fháil ar an Mol maidir le Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil ar ár suíomh gréasáin. Oiriúnach do mhúinteoirí ar gach leibhéal.

Tabhair Cuairt Anois Air

Ceardlanna maidir le Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh

Tá roghnúchán éagsúil ceardlann ann i mbliana atá oiriúnaithe do mhúinteoirí bunscoile. Tá dhá cheardlann aghaidh ar aghaidh ar leith san áireamh leis an gclár seo, agus freastalaíonn an péire acu ar leibhéil ranga ar leith. Tá an chéad cheardlann oiriúnaithe do ranganna sóisearacha agus do mheánranganna, agus dearadh an dara ceardlann do mheánranganna agus do ranganna sinsearacha.

 Cuireann na ceardlanna seo réimse cuimsitheach gníomhaíochtaí ar fáil lena gcuimsítear cur chuige plugáilte (bunaithe ar theicneolaíocht) agus cur chuige díphlugáilte (neamhdhigiteach). Lena chois sin, táimid thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh seimineár gréasáin san áireamh lenár sraith gníomhaíochtaí, ina ndéanfar iniúchadh ar réimse leathan gníomhaíochtaí agus acmhainní a fheileann do gach oideoir ar gach leibhéal ranga.

Feidhmíonn na ceardlanna seo mar bhearna gheata iontach chun borradh a chur faoi do rannpháirtíocht i Seachtain Chóid an AE laistigh de phobal do scoile. Déan teagmháil le d’Ionad Tacaíochta Oideachais áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil faoi na ceardlanna seo.

Teagmháil

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.