Treoir Eiticiúil Nuashonraithe an Aontais Eorpaigh maidir le IS i Scoileanna
24th March 2026
Rinne an tAontas Eorpach a threoirlínte eiticiúla maidir le húsáid IS i scoileanna a nuashonrú.
Tá sé mar aidhm leis an doiciméad nua, Treoirlínte maidir le hÚsáid Eiticiúil na hIntleachta Saorga agus Sonraí sa Teagasc agus san Fhoghlaim d’Oideoirí, tacú tuilleadh le hoideoirí maidir le cinntí eolasacha agus eiticiúla a dhéanamh agus úsáid á baint acu as IS agus sonraí sa seomra ranga.
Tá sé mar aidhm leis freisin cuidiú le múinteoirí muinín a chothú maidir le huirlisí IS a chomhtháthú agus na rioscaí agus na freagrachtaí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann á dtuiscint agus glacadh freagrach i measc scoláirí á chothú.
Léirítear sna Treoirlínte an méadú suntasach atá tagtha ar úsáid IS san oideachas, an Gníomh um Intleacht Shaorga, agus an gá le litearthacht IS, eitic agus smaointeoireacht chriticiúil i dtimpeallachtaí teagaisc agus foghlama.
Cuimsítear sna treoirlínte nuashonraithe:
- Ceisteanna treorach agus cásanna praiticiúla sa seomra ranga
- Croíphrionsabail agus comhthéacs dlíthiúil
- Acmhainní cúlra
- Gluais nuashonraithe
Roghnaigh an nasc seo chun cóip a fháil de na Treoirlínte maidir le hÚsáid Eiticiúil na hIntleachta Saorga agus Sonraí sa Teagasc agus san Fhoghlaim d’Oideoirí.
Tabhair cuairt ar ár Mol IS i Scoileanna chun féachaint ar acmhainní agus ar thacaíochtaí, lena n-áirítear cúrsa ar líne agus seimineáir ghréasáin maidir le húsáid eiticiúil IS i scoileanna.