Skip to main content

Ceannairí Foghlama Gairmiúla: Foghlaim Dhigiteach a Leabú in Iar-bhunscoileanna

Ceannairí Foghlama Gairmiúla: Foghlaim Dhigiteach a Leabú in Iar-bhunscoileanna

San fhíseán seo ónár sraith Leading Digital Learning, léiríonn Niall Larkin, Ceannaire Sinsearach le haghaidh na dTeicneolaíochtaí Digiteacha, príomhphointí faoi scoileanna atá cumasach maidir le húsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha. Thosaigh siad ar fad agus fís shoiléir roinnte acu i measc na mball foirne ar fad. Ba cheart go n-aithneodh san fhís sin cad é an staid sa scoil faoi láthair agus cad a theastaíonn uatha, agus páirt ag gach duine i gcinneadh a dhéanamh maidir le cuspóir na dteicneolaíochtaí digiteacha agus conas a úsáidfear iad. Má chruthaítear plean foghlama digiteach soiléir agus réalaíoch lena bhfuil spriocanna agus gníomhartha gearra sonracha cuidítear le gach duine a bhfreagrachtaí a thuiscint agus conas a chuidíonn siad leis na spriocanna a bhaint amach. Deir Niall, is féidir le scoileanna ‘bheith glic’ freisin trí úsáid a bhaint as a bplean foghlama digití chun cur lena bplean féinmheastóireachta scoile. Díríonn sé sin iarrachtaí gach duine ar chomhthreoir.

Pléann Lorraine McCool, an Coláiste Doiminiceach, agus Paul Byrne, Scoil Chlasaiceach Phádraig, an dóigh a bhfuil an teicneolaíocht fite fuaite i sreabhadh oibre laethúla a scoileanna.

Uirlis chumarsáide

Pléann Lorraine conas a úsáideann an fhoireann riaracháin, múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí an teicneolaíocht chun cumarsáid a dhéanamh. Déantar cumarsáid le tuismitheoirí trí aip scoile. Tacaíonn sí freisin le comhoibriú le múinteoirí toisc go bhfuil an phleanáil ar fad ar thiomántán roinnte.

Tacú leis an Teagasc agus leis an bhFoghlaim

Liostaíonn Lorraine na huirlisí éagsúla a úsáideann siad chun ábhar a chruthú, a mheasúnú agus a athbhreithniú. Ina measc sin tá Book Creator, Screencastify, Canva, Quiz, Forms agus Kahoot. Úsáidtear a n-ardán foghlama chun tacú le hobair chúrsa curaclaim na scoláirí, mar shampla, tionscadail CBA agus Ardteistiméireachta. Déanann na scoláirí taighde ar líne agus úsáideann siad Google Slides nó dearann siad póstaer in Canva lena gcuid foghlama a léiriú. Scríobhann siad dréachtaí freisin ag baint úsáid as doiciméid, cuireann siad isteach ar Google Classroom iad agus faigheann siad aiseolas foirmitheach tráthúil ionas gur féidir leo a gcuid foghlama a chur chun cinn.

Difreáil

Léiríonn Paul agus Lorraine teicneolaíochtaí digiteacha ina scoil mar theicneolaíochtaí a úsáidtear chun tacú le difreáil. Labhraíonn Paul faoin dóigh a n-úsáideann siad a n-ardán foghlama chun cineálacha éagsúla acmhainní a uaslódáil do scoláirí bunaithe ar a gcuid riachtanas. Deir Lorraine gur chuidigh an úsáid as Chromebook ina bhfuil teicneolaíocht chúnta ionsuite le tacú lena scoláirí a bhfuil riachtanais acu. Labhraíonn sí faoi oiliúint shonrach a rinne a múinteoirí ar thráth na gceist a chruthú le Google Forms. Le ceisteanna a fhreagróidh na scoláirí ag an tús treorófar iad ar bhealaí éagsúla tríd an tráth na gceist. D’fhéadfadh go mbeadh ar chuid acu a gcuid foghlama a chomhdhlúthú agus go gcaithfear ceisteanna breise a thabhairt do dhaoine eile.

Tacaíocht do scoileanna

Tugann Niall breac-chuntas ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do scoileanna:

  1. Tacaíocht scoile ón SGFM. Is féidir le Ceannaire Foghlama Gairmiúla cuairt a thabhairt ar do scoil agus tacaíocht shaincheaptha a thairiscint.
  2. Tá réimse leathan tacaíochtaí ar fáil ar shuíomh gréasáin SGFM Teicneolaíocht san Oideachas. Tá deiseanna ann chun tú féin a fhorbairt go gairmiúil trí chúrsaí ar líne, físeáin dea-chleachtais agus físeáin teagaisc. Tá naisc ann freisin le Scoilnet agus suíomh pleanála FD.
  3. Cuireann Webwise réimse leathan tacaíochtaí ar fáil le haghaidh rud ar bith a bhaineann le sábháilteacht idirlín agus saoránacht dhigiteach.
  4. Ba cheart do scoileanna smaoineamh ar theagmháil a dhéanamh lena scoileanna comharsanachta mar go bhféadfadh sé go mbíonn fadhbanna den chineál céanna acu. Is féidir leo tacú le chéile agus pobail bheaga chleachtais a fhorbairt.
  5. Cuireann ionaid oideachais áitiúla réimse tacaíochtaí ar fáil. Cuireann siad seimineáir ghréasáin, cúrsaí aghaidh ar aghaidh ar fáil nó is féidir leo tú a chur sa treo ceart má tá réimse ann ba mhaith leat a fhiosrú.

, Iar-bhunscoileanna, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.