Skip to main content

Teicneolaíochtaí Digiteacha i Meánscoil na Toirbhirte, Port Láirge

Achoimre ar an bhFíseán

Pléann an fhoireann i Meánscoil na Toirbhirte, Port Láirge, an bonneagar agus bainistíocht gléasanna sa scoil, FGL na foirne agus na tionscadal teicneolaíochta atá á rith ag foireann agus daltaí ar fud na scoile.

Cur Síos

Míníonn bainistíocht na Scoile a n-infreastruchtúr digiteach agus conas a bhainistítear é. Is féidir le múinteoirí seomraí ríomhaireachta a chur in áirithe agus tá rochtain acu ar ríomhairí faoi dhó sa lá. Spreagtar FGL neamhfhoirmiúil agus foirmiúil laistigh den fhoireann chomh maith le hacmhainní agus eolas nua a roinnt. Tá foireann dhigiteach ag an scoil atá nasctha le DEIS agus atá roinnte ina foghrúpaí. Tá an scoil nasctha le Microsoft mar Ambasadóirí Dreamspace. Is ambasadóirí Webwise iad chomh maith, ag reáchtáil lá sábháilteachta idirlín. Oibríonn an scoil go dian chun tacú lena ndaltaí le Béarla mar Theanga Bhreise, ag baint úsáid as teicneolaíocht.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)

  • 1 Tá meas ag múinteoirí ar an bhforbairt ghairmiúil agus ar an gcomhoibriú gairmiúil agus glacann siad páirt inti

Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)

  • 4 Cuireann múinteoirí le cumas iomlán na foirne a fhorbairt trína gcuid saineolais a roinnt

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

, Iar-bhunscoileanna, Coding, Collaboration, Digital Citizenship, Internet Safety, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.