Físeáin Dea-Chleachtais
-
Códáil i rang OSIE
Déanann múinteoir rang 5 cur síos ar an gcaoi a thug sí an scil códaithe isteach ina seomra ranga le húsáid a bhaint as an aip shaor in aisce. Lightbot - Hour of Code. Cuirtear le ceachtanna OSIE trí úsáid a bhaint as an mbogearraí Lego WeDo. Tá an tionscnaíocht códaithe seo mar chuid de thionscadal níos leithne laistigh den Chiste um Barr Feabhais.
-
Scannán Beochana i Rang a 5 agus a 6
Déanann múinteoir rang 5 agus 6 cur síos ar an gcaoi a chruthaigh a rang físeán suimiúil le húsáid a bhaint as an aip Stop Motion. D’oibrigh na daltaí i ngrúpaí chun na seiteanna agus na carachtair a dhearadh agus chun maisíochtaí fuaime agus ceol a phiocadh. Thóg an tionscadal roinnt mhaith seachtainí agus d’imeasc sé go leor ábhar curaclaim.
-
Úsáid a bhaint as Beebots sna Naíonáin Shóisearacha
Déanann an físeán cur síos ar an gcaoi a úsáidtear Beebots le haghaidh teagaisc stáisiúin leis na Naíonáin Shóisearacha. Cuimsíonn leis an gclár scileanna a mhúineadh do pháistí, ar nós réiteach fadhbanna, teanga teagaisc, seicheamhú agus eagrúchán. Áirítear leis na stáisiúin domhan beag, léarscáileanna seoide, treoracha foghlama, fónaic, cruthanna 2T, tógáil agus an aip Beebot ar tháibléid.
-
ETIM agus Róbataic i Rang a 5 agus a 6
Léiríonn múinteoir rang 5 agus 6 ceacht sa róbataic le haghaidh ETIM atá curtha ar fáil le cúnamh ó Seagate i nDoire. Cuimsíonn an ceacht úsáid a bhaint as róbataic, ríomhchlárú Scratch agus fóin chliste agus tascanna éagsúla á ndéanamh ag na daltaí i ngrúpaí. Cumarsáid agus réiteach fadhbanna atá i gceist leis an gceacht.
-
Íomhánna sa Tógáil do Rang a 1 agus a 2
Déanann múinteoir rang 1 agus 2 cur síos ar cheacht ETIM bunaithe ar an tógáil agus úsáid a bhaint as acmhainní ar nós táibléid, Lego agus an clár bán idirghníomhach. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí chun a dtionscadail a thaifead, a chur i láthair agus aiseolas a thabhairt air.
-
Léamh a Thaifead i gceacht ETIM do na Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha.
Déanann Príomhoide teagaisc sna naíonáin cur síos ar an gcaoi a ghlacann daltaí páirt, agus an chaoi a chruthaíonn siad a leabhar digiteach féin mar chuid de cheacht bunaithe ar an tógáil. Is é an aip a mbaintear úsáid as san fhíseán seo ná Pro Show Gold. Áirítear Adobe Spark agus Animoto leis na haipeanna eile a bhfuil an fheidhmiúlacht den chineál céanna acu.
-
TFC le haghaidh Tangram sa Mhata
Déanann múinteoir ranga ilghrád cur síos ar an gcaoi a úsáideann sí TFC chun múinteoireacht agus foghlaim a thacú ina ceachtanna Mata. San fhíseán seo, tá sí dírithe ar na hábhair tangram agus imlíne. Trí theagaisc stáisiúin, baineann na daltaí úsáid as bogearraí éagsúla, ar nós Osmo agus Khan Academy chun scileanna nua a fhoghlaim.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i mBunscoil Mount Anville
Déanann Príomhoide scoile cur síos ar theicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm ar fud na scoile. Go háirithe, teacht ar FGL múinteora, cleachtadh a roinnt agus leas a bhaint as tacaíocht SFGM. Déanann sí cur síos chomh maith ar bhonneagar teicneolaíocht digiteach na scoile.
-
Tionscnamh Stop Motion i mBunscoil
Déanann múinteoir rang 4 cur síos ar an gcaoi a úsáideann sé teicneolaíocht le haghaidh obair thionscadail. Úsáideann na páistí netbooks agus iPads le haghaidh taighde. Úsáidtear an aip Stop Motion le haghaidh beochana. Pleanáil, scriptiú, scannánú, obair ealaíne agus eagarthóireacht a bhí i gceist leis seo. Déantar na tionscadail a uaslódáil ansin ar Dropbox agus cuirtear iad i láthair ar an gclár bán idirghníomhach.