Skip to main content

Físeáin Dea-Chleachtais

  • Teicneolaíocht Dhigiteach i nGaelscoil Uí Fhiaich

    Déanann príomhoide cur síos ar na bealaí éagsúla a bhaineann a scoil úsáid as acmhainní digiteacha. Maidir le cumarsáid, baintear úsáid as Skype idir baill foirne. Maidir le múinteoireacht agus foghlaim, baineann seomra ranga na naíonán úsáid as an suíomh gréasáin www.Leighleat.com chun an clár fónaice a mhúineadh. Téann na ranganna níos sine i mbun ceachtanna códaithe agus aipeanna ar nós Stop Motion agus Kahoot.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

  • Threads i mBunscoil

    Déanann Príomhoide scoile cur síos ar an gcaoi a úsáidtear acmhainní digiteacha i gceachtanna staire tríd na suíomhanna gréasáin Scoilnet agus Dúchas. Bíonn daltaí rannpháirteach go gníomhach le stair ina gceantar trí úsáid a bhaint as ‘Threads’ - suíomh gréasáin atá bunaithe ar thionscadail. Chun tuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar https://www.Scoilnet.ie/threads/.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna, Acmhainní ar líne, Comhoibriú, Scéalaíocht Dhigiteach, Scoilnet

  • Uirlisí Measúnú Dhigiteacha i mBunscoil

    Déanann múinteoir rang 4 cur síos ar an gcaoi a úsáideann sí an cluiche tráth na gceist Kahoot chun foghlaim a mheasúnú sa Bhéarla, Ghaeilge agus Mhata. Úsáideann na páistí ríomhaire glúine chun ceisteanna agus freagraí a chur isteach. Glacann páistí páirt sa tráth na gceist seo le húsáid a bhaint as iPads. Cuireann sé seo sonraí úsáideacha ar fáil do mhúinteoirí faoin méid atá foghlamtha ag na páistí.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Comhoibriú, Scoilnet

  • TFC i Scoil Náisiúnta Phobail Leamhcáin

    Míníonn príomhoide scoile an chaoi a úsáidtear TFC i mbealach fiúntach tríd an scoil ar fad. Cuireann sí léargas iomlán ar fáil ón bhfís TFC sa scoil chun teacht a bheith acu ar acmhainní do phleanáil iomlán na scoile.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

  • Páirt a Ghlacadh sa Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte

    Labhraíonn Róisín faoin tábhacht a bhaineann le bheith sábháilte agus cineálta ar líne, agus faoi na gníomhaíochtaí ar ghlac a rang páirt iontu mar chuid den Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte, lena n-áirítear bandaí rosta Webwise a chaitheamh, comórtas póstaer, ceardlanna eagraithe ag daltaí, roinnt cur i láthair agus amhrán faoin tsábháilteacht ar líne.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Comhoibriú, Sábháilteacht Idirlín, Saoránacht dhigiteach

  • Usáid Suíomh Leighleat le haghaidh Fónaic

    Déanann beirt mhúinteoir naíonáin cur síos ar an gcaoi a úsáideann siad acmhainní ar líne agus iPads chun fónaic agus mata a mhúineadh. Múintear ceachtanna fónaice le húsáid a bhaint as www.Leighleat.com, atá bunaithe ar an gclár fónaice agus is féidir gach scoil é a úsáid. C.J. Baintear úsáid as leabhair dhigiteacha Fallon le haghaidh gníomhaíochtaí mata.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Acmhainní ar líne

  • Scratch le haghaidh na Litearthachta agus na hUimhearthachta

    Labhraíonn múinteoir ranga faoi úsáid Scratch chun litearthacht agus uimhearthacht a thacú. Déanann sí cur síos ar an gcaoi a cabhraíonn úsáid a bhaint as Scratch le scileanna daltaí a fhorbairt i roinnt mhaith réimsí, lena n-áirítear réiteach fadhbanna, agus chomh maith leis sin, an chaoi a tacaíonn sé le measúnú, go háirithe féinmheasúnú agus piarmheasúnú.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Códú, Cruthú ábhar digiteach

  • Múinteoirí ag roinnt cleachta agus ár bhfís do ríomhphunanna

    Míníonn príomhoide scoile an chaoi a oibríonn imeascadh TFC ina scoil. Tá tralaí ríomhaire glúine ag an scoil le roinnt idir na ranganna, agus IWB i ngach seomra ranga. Baineann an scoil úsáid as Google Apps le roinnt idir múinteoirí. Éascaíonn ríomhphunanna measúnú múinteora agus piarmheasúnú.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

  • Bealaí Foghlama Scoilnet sa Seomra Ranga Bunscoile

    Míníonn Mark Boggins, Scoil Náisiúnta an Teaghlaigh Naofa, an chaoi bealaí foghlama a chruthú agus úsáid a bhaint as Scoilnet. Is éard atá i gceist le bealach foghlama ná bailiúchán acmhainní ar líne a roinneann ábhar áirithe m.sh. an Górta Mór. Cuireann an múinteoir an bealach foghlama le chéile, atá daltaí in ann dul isteach air ar scoil nó sa bhaile.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Acmhainní ar líne, Comhoibriú, Cruthú ábhar digiteach

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.