
Intleacht Shaorga i Scoileanna
Cad is Intleacht Shaorga (IS) ann? Cad iad na breithnithe maidir le húsáid IS i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna? Conas is féidir liom IS a nascadh le próiseas pleanála na Foghlama Digití?
Pléann an rannán seo dár suíomh gréasáin le go leor ceisteanna den chineál seo agus tugann sé treoir d’acmhainní ábhartha atá cruthaithe agus coimeádta againn do scoileanna.
AI for Schools – Cúrsa Ar Líne (ar fáil trí Bhéarla amháin)
Curtha ar fáil i mí Meitheamh, 2024, tugann an cúrsa tosaigh seo tuiscint do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile ar IS agus cuireann sé samplaí ar fáil den IS sa saol laethúil. Scrúdaíonn sé freisin na breithnithe do scoileanna maidir le húsáid IS san oideachas, lena n-áirítear buntáistí féideartha, teorainneacha agus breithnithe eiticiúla.

IS do Scoileanna – Sraith Físeán
Sraith agallamh le saineolaithe ar ábhar IS i gcomhthéacs oideachais na hÉireann agus na hEorpa, lena n-áirítear ionchuir ó bhaill an Lárionaid Adapt, chomh maith le rannpháirtithe ó thionscadail Eorpacha, ar nós AI4T.

Pléann an tOllamh Benjamin Cowan ón Lárionad Adapt agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an tírdhreach reatha maidir le IS, a thodhchaí agus an chaoi ar féidir linn, mar dhaoine,é a mhúnlú, agus nach mór dúinn é sin a dhéanamh.
Faigh rochtain ar fhísagallamh le Benjamin Cowan anseo.

Déanann Niall Larkin, Ceannaire Sinsearach Teicneolaíochtaí Digiteacha Bunscoile in Oide, cur síos ar an gcaoi a bhfuil IS á plé i mbunscoileanna cheana féin agus ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil maidir le IS a úsáid.
IS & Sábháilteacht Ar Líne – Webwise
Cuireann Mol Webwise IS faisnéis agus acmhainní ar fáil maidir le hintleacht shaorga, na tairbhí a bhaineann léi, chomh maith leis na teorainneacha agus na hábhair imní atá ann faoi láthair.
Tugann sé treoir freisin do phríomhacmhainní, lena n-áirítear ceachtanna a ghlacann AI isteach.

Creatlach agus Infographic AI

Infographic AI: Cúig bhreithniú d-Úsáid an Mhúinteora. Treoir chun tacú le comhtháthú AI freagrach, éifeachtach agus cuimsitheach AI i gcleachtas múinteoirí.
Creatlach RIST chun AI a chur i bhfeidhm sa teagasc. Acmhainn phraiticiúil deartha chun cabhrú le hoideachasóirí leideanna soiléire, éifeachtacha a chruthú chun idirghníomhú le huirlisí Gen AI.
Tionscadal Eorpach AI4T 2021-2024
Tionscnamh maoinithe ag Erasmus+ a bhí sa tionscadal ‘Intleacht Shaorga do Mhúinteoirí agus ag Múinteoirí’ (AI4T) a rinne iniúchadh ar IS a ghlacadh isteach in eispéiris oideachais.
Bhí Teicneolaíocht san Oideachas Oide ina bhall lárnach den tionscadal seo. Tá tuilleadh faisnéise agus acmhainní ar leathanach gréasáin AI4T.

Físeáin dea chleachtais AI i scoileanna

Bailiúchán nua físeán dea-chleachtais ó Oide chun léiriú conas a bhfuil scoileanna ag fiosrú úsáid AI chun tacú leis an bhfoghlaim.
Féach ar ár gcéad fhíseán dea-chleachtais AI.
Acmhainní breise IS
Bailiúchán d’acmhainní tábhachtacha breise, ceachtanna agus tacaíochtaí ar an ábhar AI do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
