Skip to main content

Foghlaim Dhigiteach a Threorú – cúrsa nua ar líne

18th September 2023

Tá áthas ar Theicneolaíocht san Oideachas Oide ‘Foghlaim Dhigiteach a Threorú’: cúrsa nua ar líne, a fhógairt. 

Tá an cúrsa sin dírithe ar cheannairí scoileanna a bhfuil baint acu le foghlaim dhigiteach a threorú ina scoil féin agus ar bhaill fhoireann foghlama digití na scoile chomh maith. Beidh spéis agat sa chúrsa sin freisin má tá post freagrachta agat maidir le Teicneolaíochtaí Digiteacha nó má tá mianaidhm agat maidir le ról mar sin.

Tógann sé ceithre uair an chloig chun na cúig mhodúl den chúrsa a chríochnú ina n-iomláine. B’fhéidir gurbh fhearr leat plé le modúil roghnaithe amháin, ag brath ar do riachtanais foghlama féin, ar do spéiseanna agus ar do chuid freagrachtaí. Mar shampla, teastóidh ó dhaoine áirithe athstaidéar a dhéanamh ar bhonneagar teicneolaíochta digití. Beidh níos mó spéise ag daoine eile sa mhodúl a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha a leabú i gcleachtas sa seomra ranga.  

Is féidir leat blaiseadh den chúrsa a fháil sa bhfíseán gearr seo.

Foghlaim dhigiteach a threorú agus uaireanta Pháirc an Chrócaigh á n-úsáid

Más príomhoide thú, cén fáth nach smaoineofá ar thacaíocht a thabhairt do d’fhoireann chun páirt a ghlacadh sa chúrsa le haghaidh foghlaim ghairmiúil aonair le linn uaireanta Pháirc an Chrócaigh? Faigheann na daoine a chríochnaíonn an chúrsa ina iomláine teastas agus dá bhrí sin – dá mbeadh sé ina ábhar imní – is ábhar simplí é cruthúnas ar rannpháirtíocht.  

Foghlaim dhigiteach a threorú agus deiseanna foghlama neamhfhoirmiúla á n-úsáid

Maidir le foghlaim níos foirmiúla nó chun ionchur a dhéanamh le linn cruinnithe na foirne, is féidir leat acmhainní iomadúla an chúrsa a roinnt nó a úsáid i láithreoireacht. Áirítear leo sin:

  • liostaí de na hacmhainní ón gcúrsa,
  • naisc le físeáin dhea-chleachtais ina ndéanann ceannairí scoile a gcuid eispéireas féin a roinnt agus
  • naisc le físeáin teagaisc scilbhunaithe. 

Ag leanúint leis an aistear den fhoghlaim dhigiteach a threorú

Tá deis ann laistigh den chúrsa chun naisc a dhéanamh le ceannairí scoile agus le múinteoirí ó scoileanna eile maidir le hinspioráid, díospóireacht nó naisc phearsanta fhéideartha amach anseo. Spreagtar rannpháirtithe freisin chun dul níos faide ar a n-aistear foghlama digití nuair a chríochnófar an cúrsa. Is aistear leanúnach é i ndeireadh na dála.

Coinnigh cuimhne, mar an gcéanna le tacaíochtaí eile Oide, tá an cúrsa saor in aisce.  

Féach ar an gcur síos ar an gcúrsa agus cláraigh le do chuntas Scoilnet anseo

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.