Skip to main content

Físeáin Dea-Chleachtais

  • Scratch le haghaidh na Léitheoireachta

    Déanann múinteoir rang 5 agus 6 cur síos ar Scratch a imeascadh le ceacht litearthachta. I gcás Scratch, cruthaíonn na daltaí tráth na gceist, tuairisc nuachta, cur síos carachtair agus tuar bunaithe ar úrscéal an ranga. Léiríonn an físeán chomh an chaoi atá Scratch in ann féinmheasúnú agus piarmheasúnú a thacú.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Códú, Cruthú ábhar digiteach, Scéalaíocht Dhigiteach

  • Scratch le haghaidh na Scríbhneoireachta

    Léiríonn Elaine Lyons, Scoil Náisiúnta Chríost an Slánaitheoir, an chaoi le Scratch a úsáid chun obair a thacú ar sheánraí scríbhneoireachta. San fhíseán seo, tá rang 5 agus 6 ag obair ar an dréacht deireanach de phíosa scríbhneoireachta nós imeachta ag baint úsáide as Scratch agus uirlisí eile. Léiríonn an obair an chaoi atá Scratch in ann imeascadh a éascú idir ábhair éagsúla, sa chás seo an Béarla agus an Eolaíocht.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna

  • Táibléid le haghaidh Measúnaithe

    Míníonn beirt mhúinteoir an chaoi a úsáideann siad táibléid le haghaidh measúnaithe sa Mhata. Ligeann táibléid do mhúinteoirí aiseolas closamhairc a chur ar fáil do dhaltaí agus chun cuspóirí spriocdhírithe a chruthú do pháistí aonair. Sábháiltear gach measúnú ar Google Drive mar ríomhphunann,

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Acmhainní ar líne, Punanna Digiteacha

  • Táibléid le haghaidh Réiteach Fadhbanna

    Déanann múinteoir rang 2 cur síos ar úsáid a bhaint as táibléid i gceacht Mata. Foghlaimíonn daltaí faoin ábhar na hacmhainne le fócas ar réiteach fadhbanna i ngrúpaí. Baineann na grúpaí úsáid as an aip Explain Everything chun taifeadadh a dhéanamh ar a gcuid torthaí. Breathnaítear ar na torthaí ansin chun dul chun cinn na ndaltaí a mheasúnú.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Acmhainní ar líne, Cruthú ábhar digiteach, Punanna Digiteacha

  • Úsáid a bhaint as amharcléiritheoir i seomra ranga bunscoile

    Taispeánann múinteoir rang 4 na bealaí éagsúla a úsáideann sé an t-amharcléiritheoir mar chuid dá mhúinteoireacht mata lena rang a 4.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Comhoibriú, Cruthú ábhar digiteach

  • Táibléid i Scoil Shóisearach

    Míníonn príomhoide scoile an chaoi a úsáideann a scoil táibléid le haghaidh na litearthachta agus na huimhearthachta. Déanann sí cur síos chomh maith ar fheidhmiú TFC sa scoil, ag tosú le múinteoirí atá níos compordaí le TFC a úsáid. Baineann múinteoirí úsáid as roinnt mhaith aipeanna, ar mhórán inneachair agus gan inneachar m.sh. Explain Everything

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

  • Táibléid le haghaidh Caint & Plé

    Baineann múinteoir Naíonán Sinsearach úsáid as táibléid chun an teanga labhartha agus an t-idirdhealú a thacú le rang Naíonán Sinsearach. Baineann na páistí úsáid as Story Creator san aip Collins Big Cat chun radharc ón scéal a athchruthú. Cuireann siad a n-obair i láthair ansin os comhair comhghleacaí.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Curaclam Teanga na Bunscoile, Scéalaíocht Dhigiteach

  • An Saol Ar Líne: An tSaoránacht Dhigiteach á fiosrú le Rang 3

    Déanann Trystan cur síos ar an úsáid a bhaineann sé as ábhar HTLM Heroes agus tionscadail eagarthóireachta scannán le píosaí scannánaíochta ón scáileán glas chun plé ranga agus tuiscint a spreagadh faoi réimsí éagsúla na saoránachta digití ar nós ceadúnais chóipchirt, an bhréagnuacht agus ábhar bréige nó mionathraithe.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Comhoibriú, Cruthú ábhar digiteach, Físeáin Digiteacha, Sábháilteacht Idirlín

  • TFC & Uimhearthacht – Ceacht mata i rang sinsearach

    Déanann múinteoir rang 6 cur síos ar cheacht Mata laistigh den snáithe crutha 2T agus úsáid a bhaint as go leor teicneolaíochtaí éagsúla. Pléann daltaí ábhar na dtriantán le húsáid a bhaint as ceamaraí digiteacha, ríomhairí agus Sratch. Is eochairghné é comhoibriú grúpa agus réiteach fadhbanna do spreagadh na ndaltaí sa cheacht seo.

    Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Acmhainní ar líne, Códú, Comhoibriú, ETIM, Físeáin Digiteacha

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.