Míníonn múinteoir GDC an úsáid a bhaintear as TFC ina chuid ranganna. Baineann an rang úsáid as gutháin chun taighde a dhéanamh ar an topaic agus chun meabhairmhapaí a chruthú i ngrúpaí. Cuireann siad aiseolas ar fáil ansin ar obair a chéile ag baint úsáid as Adobe Reader. Baintear úsáid as Mentimetre ar deireadh chun sonraí a bhailiú le haghaidh ranganna eile amach anseo.
Baineann múinteoir teanga úsáid as an teicneolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe ina cuid ranganna Fraincise. Baineann na daltaí úsáid as a gcuid gléasanna féin le linn na ranganna chun tástálacha a chur i gcrích. Is féidir úsáid a bhaint as tástálacha ar líne mar mhodh tapa measúnaithe sa seomra ranga. Déanann siad físeáin chomh maith chun a gcuid teanga a mheas ag baint úsáid as Adobe Spark.
Agallamh leis an bhfoireann mar gheall ar an úsáid a bhaintear as TFC le tacú le meabhairshláinte dhearfach i measc na ndaltaí acu. Baineann siad úsáid as TFC chun na topaicí seo a phlé mar go mbíonn na daltaí níos rannpháirtí. Tá tús curtha acu le modúl Idirbhliana ina gcaithfidh siad físeán a spreagann meabhairshláinte dhearfach a dhearadh agus a chruthú.
Baineann múinteoir Gearmáinise úsáid as teicneolaíocht ina cuid ranganna teanga. Pléann sí conas mar a chuireann daltaí tascanna béil i gcrích trí thaifeadadh a dhéanamh orthu féin ar a gcuid guthán. Mar mhúinteoir teanga tá sé tábhachtach go mbeadh sí in ann gach dalta dá cuid a chloisteáil ach tá sé sin indéanta agus an modh áirithe seo in úsáid.
Bíonn físeáin a dhéanann Múinteoir matamaitice í féin mar dhlúthchuid dá cuid ranganna. Agus úsáid á baint as Explain Everything agus Schoology, is féidir le daltaí a gcuid fadhbanna a fheiceáil agus a réiteach ar a gcaoithiúlacht. Cabhraíonn sé seo léi tacaíocht shainoiriúnaithe a chur ar fáil do dhaltaí.
Míníonn múinteoir Matamaitice an tairbhe a bhaineann leis an teicneolaíocht ina cuid múinteoireachta. Pléann sí úsáid Geogebra agus conas mar a spreagann sé a cuid daltaí. Cuireann siad a gcuid oibre ar pháipéar i gcomparáid lena gcuid táibléad mar fhéinmheasúnú agus mar phiarmheasúnú. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Google Docs don phleanáil laistigh den roinn.
Agallamh le Príomhoide agus plé á dhéanamh ar chur chuige roghnaithe na ndaltaí i dtaobh an teagaisc agus na foghlama. Tá múnla iompaithe seomra ranga curtha i bhfeidhm ina scoil acu. Cuireann sé seo ar chumas na ndaltaí ceachtanna a chríochnú ar a gcaoithiúlacht agus ligeann sé do mhúinteoirí aiseolas aonair a chur ar fáil. Déanann na daltaí a gcuid físeán iompaithe féin mar mhodh measúnaithe.
Téann rang ó bhliain 5 i ngleic le teicneolaíochtaí digiteacha le tacú leis an bhfoghlaim san Eacnamaíocht Bhaile. Féachann daltaí ar fhíseáin agus cruthaíonn siad físeáin ar aip Slice, agus cuireann siad leis na dialanna acu trí Google Drive. Baintear úsáid as Wizer.me don mheasúnacht. Baineann an múinteoir úsáid as Twitter le teacht ar acmhainní ATHE agus Scoilnet le haghaidh acmhainní ranga.
Agallamh le príomhoide faoi chur i bhfeidhm na teicneolaíochta ina scoil féin agus faoin tacaíocht a chuireann siad ar fáil don fhoireann. Cuireann siad FGL leanúnach chun cinn le haghaidh gach ball foirne, agus iad ag obair i dteannta a chéile le foghlaim faoi theicneolaíochtaí digiteacha. Cruthaíodh príomhghrúpa de bhaill foirne díograiseacha le cabhrú leis an gcur i bhfeidhm seo.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.