Cruthaíonn sí a cuid acmhainní féin ar líne ag baint úsáid as Puzzle. Míníonn sí an feabhas a chuireann na hacmhainní seo ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Edmodo le haghaidh tascanna agus obair bhaile. Trí úsáid a bhaint as na hacmhainní seo, is féidir measúnú múnlaitheach a dhéanamh agus aiseolas pearsanta a thabhairt láithreach.
Pléann Múinteoir an tslí a ndéantar bainistíocht ar ríomhphunanna ar scoil. Spreagann siad an chomhfhoghlaim agus cuirtear measúnú leanúnach i bhfeidhm. Is féidir le daltaí cabhrú lena gcomhghleacaithe trí aiseolas a thabhairt ar phunanna a chéile. Pléann sé conas mar a dhéantar fadhbanna a shárú le tacú le TFC sna scoileanna.
Míníonn Múinteoir Béarla an úsáid a bhaintear as TFC sa Bhéarla. Is féidir físeáin a chruthú ar Animoto, agus baintear úsáid as chun físeáin a chruthú le haghaidh dánta. Baintear úsáid as Padlet chun eolas a bhailiú ón rang. Baineann daltaí úsáid as Fakebook le haghaidh forbairt charachtair. Pléann siad an tairbhe a bhíonn le baint ag daltaí uile as ríomhphunanna.
Agallamh le Múinteoirí maidir le EU Folio agus an taithí a bhí ag an scoil acu. Pléann siad an tábhacht a bhaineann le bheith ar do chompord leis an gcóras sula gcuirtear tús leis sa rang. Baintear úsáid as ríomhphunanna sa scoil mar mhodh measúnaithe leanúnaigh leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag daltaí a thaifeadadh.
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC sa Bhéarla. Míníonn sí go mbíonn difreáil ann agus TFC in úsáid, agus gur féidir freastal ar gach cineál foghlaimeora. Tarraingíonn sí aird ar an tábhacht a bhaineann le TFC a úsáid mar uirlis bhreise agus nach mbeadh an bhéim ar fad uirthi sa rang. She uses Animoto, Voki, Prezi and Fakebook.
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as fóin shoghluaiste agus táibléid ina cuid ranganna Tíreolaíochta. Baineann sí úsáid as réimse leathan feidhmchlár le tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Cuireann sí réimse leathan acmhainní difreáilte ar fáil dá cuid daltaí a bhfuil fáil orthu lasmuigh den rang. Freastalaíonn an úsáid a bhaintear as TFC ar gach cineál foghlaimeora.
Labhraíonn Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as táibléid ina cuid ranganna Spáinnise. Cruthaíonn na daltaí físeáin de fhrásaí Spáinnise agus úsáid á baint acu as iPad. Féachann na daltaí ar an bhfíseán ansin mar rang iomlán mar mhodh piarmheasúnaithe. Is féidir leis an múinteoir féachaint siar ar an bhfíseán ansin agus aiseolas aonair a thabhairt.
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as Scoilnet ina seomra ranga Staire. Pléann sí an tslí a gcabhraíonn na huirlisí atá ar fáil leis na daltaí tabhairt faoina gcuid taighde féin. Tugtar tionscadal bunaithe ar thopaic áirithe don rang, tugann siad faoina gcuid taighde féin agus cuireann siad i láthair os comhair an ranga ansin é trí Google Docs agus Padlet.
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC ina sheomra ranga Gearmáinise le feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Baineann an rang úsáid as micreafóin USB le taifeadadh a dhéanamh orthu féin agus iad i mbun comhrá lena chéile agus éisteann siad siar leo mar phiarmheasúnú. Cruthaíonn siad scéal leis an bhfuaim ansin ar ríomhairí agus cuireann siad i láthair os comhair an ranga é.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.