Déanann príomhoide cur síos ar na bealaí éagsúla a bhaineann a scoil úsáid as acmhainní digiteacha. Maidir le cumarsáid, baintear úsáid as Skype idir baill foirne. Maidir le múinteoireacht agus foghlaim, baineann seomra ranga na naíonán úsáid as an suíomh gréasáin www.Leighleat.com chun an clár fónaice a mhúineadh. Téann na ranganna níos sine i mbun ceachtanna códaithe agus aipeanna ar nós Stop Motion agus Kahoot.
Déanann Príomhoide scoile cur síos ar an gcaoi a úsáidtear acmhainní digiteacha i gceachtanna staire tríd na suíomhanna gréasáin Scoilnet agus Dúchas. Bíonn daltaí rannpháirteach go gníomhach le stair ina gceantar trí úsáid a bhaint as ‘Threads’ - suíomh gréasáin atá bunaithe ar thionscadail. Chun tuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar https://www.Scoilnet.ie/threads/.
Déanann múinteoir rang 4 cur síos ar an gcaoi a úsáideann sí an cluiche tráth na gceist Kahoot chun foghlaim a mheasúnú sa Bhéarla, Ghaeilge agus Mhata. Úsáideann na páistí ríomhaire glúine chun ceisteanna agus freagraí a chur isteach. Glacann páistí páirt sa tráth na gceist seo le húsáid a bhaint as iPads. Cuireann sé seo sonraí úsáideacha ar fáil do mhúinteoirí faoin méid atá foghlamtha ag na páistí.
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC mar uirlis thacaíochta ina seomra ranga Staire. Tá na daltaí ag pleanáil a gcuid físeán féin, i mbun taighde fúthu agus á gcruthú, agus taispeánann siad don rang ansin iad. Míníonn sí an úsáid a bhaineann sí as cártaí Minecraft agus MatchAttack ina cuid ranganna agus treoirlínte mar mhodh measúnaithe.
Míníonn príomhoide scoile an chaoi a úsáidtear TFC i mbealach fiúntach tríd an scoil ar fad. Cuireann sí léargas iomlán ar fáil ón bhfís TFC sa scoil chun teacht a bheith acu ar acmhainní do phleanáil iomlán na scoile.
Míníonn múinteoir Gnó an úsáid a bhaineann siad as TFC sa rang acu. Bhí an rang dírithe ar mhargaíocht agus ar fhógraí a dhearadh. Bhain an rang úsáid as táibléid agus as beochan íomhá ar íomhá lena gcuid fógraí féin a chruthú. Rinne an rang a gcuid oibre a uaslódáil ar Imagine Learning Systems ansin le haghaidh an mheasúnaithe.
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as físeáin sna ranganna Tíreolaíochta aige. Pléann sé conas mar a chuireann sé an t-ábhar in oiriúint do chumas an ranga, trína chuid físeán féin a chruthú dá rang. Pléann sé an úsáid a bhaintear as Socrative chomh maith, le haghaidh an mheasúnaithe agus an buntáiste a bhaineann le haiseolas láithreach.
Pléann Múinteoir Tíreolaíochta an úsáid a bhaintear as Wizer.ie ina sheomra ranga féin. Míníonn an múinteoir an úsáid a bhaineann sé as an uirlis seo le cabhrú leis an gcianfhoghlaim. Cabhraíonn sé leis tascanna difreáilte a leagan ar dhaltaí agus aiseolas aonair a thabhairt. Oibríonn na daltaí as a stuaim féin ansin chun na tascanna éagsúla a chríochnú.
Cur síos ó mhúinteoir, Naomi Ní Chearbhaill, ar conas a chabhraíonn uirlis mar Google Jamboard le chomhoibriú idir dhaltaí nuair atá siad scartha óna chéile mar gheall ar Covid-19. Select CC and English or Irish for subtitles.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.