Baineann múinteoir Spáinnise úsáid as an teicneolaíocht le cur leis an bhfoghlaim ina seomra ranga. Déanann an rang taifeadadh orthu féin ag caint agus déanann siad a gcuid taifeadtaí a mheas in éineacht leis an múinteoir. Bíonn siad rannpháirteach i mblag ar líne agus i réimse leathan suíomhanna idirlín. Cabhraíonn siad leis na daltaí measúnú a dhéanamh orthu féin agus tuiscint a fháil ar an méid a bhíonn le clúdach acu agus iad ag staidéar.
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC ina rang Ceimice. Déanann siad físeáin a thaifeadadh agus turgnaimh á gcur i gcrích acu agus roinneann siad leis an rang iad. Is féidir leis na daltaí na físeáin a úsáid le dul siar ar a gcuid oibre. Baineann sí úsáid as Explain Everything chun súil a chaitheamh siar ar thopaicí, aiseolas a thabhairt agus nótaí atá cothrom le dáta a chur ar fáil dá cuid daltaí.
Agallamh le Daltaí agus le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC sna ranganna Teanga. Baineann siad úsáid as uirlis Glogster chun póstaer digiteach a chruthú fúthu féin. Baineann siad úsáid as cianmhicreafóin chun míreanna fuaime a chur leis an leathanach. Spreagann sé seo cleachtadh béil agus cluaise. Bíonn tairbhe le baint ag foghlaimeoirí éagsúla sa seomra ranga as.
Míníonn múinteoir Reiligiúin an tairbhe a bhaineann leis an teicneolaíocht ina cuid múinteoireachta. Pléann sé an úsáid a bhaintear as Schoology, Google Maps, Kahoot agus aip an Bhíobla. Baineann an rang úsáid as Keynote chun a gcuid oibre a chur i láthair. Míníonn sí go mbíonn an fhoireann ag obair go dlúth lena chéile le foghlaim faoin tslí is fearr le TFC a úsáid sa seomra ranga.
Labhraíonn Róisín faoin tábhacht a bhaineann le bheith sábháilte agus cineálta ar líne, agus faoi na gníomhaíochtaí ar ghlac a rang páirt iontu mar chuid den Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte, lena n-áirítear bandaí rosta Webwise a chaitheamh, comórtas póstaer, ceardlanna eagraithe ag daltaí, roinnt cur i láthair agus amhrán faoin tsábháilteacht ar líne.
Pléann Múinteoir an tábhacht a bhaineann le scileanna léirithe agus conas mar a dhéanann sí iad a shníomh isteach ina cuid ranganna teanga. Ligtear don rang bogearraí léirithe éagsúla a roghnú - Prezi, PowerPoint, Movie Maker. Míníonn sí conas mar a chuireann TFC sna scoileanna an fhoghlaim in oiriúint do na daltaí agus conas mar a chabhraíonn sí leo aird a dhíriú.
Agallamh le Comhordaitheoir TFC agus le Príomhoide faoin bhfás digiteach sna scoileanna acu. Tá 4 shaotharlann ríomhaireachta agus foireann ríomhfhoghlama ag an scoil. Déanann an fhoireann ríomhfhoghlama tástáil ar acmhainní agus ar mhodheolaíochtaí nua sula gcuirtear ar fáil don fhoireann ar fad iad. Cuireann an bhainistíocht FGL chun cinn agus spreagann siad é. Pléann siad an cianteagasc agus an tairbhe a bhíonn le baint ag na daltaí ar fad as an teicneolaíocht.
Agallamh le Príomhoide agus leis an bhfoireann faoin úsáid a bhaintear as TFC i réimse leathan ábhar. Baineann siad úsáid as amharcléiritheoir sna ranganna Ealaíne agus beochan íomhá ar íomhá sna ranganna Gnó agus TFC. Chuir siad tús le ríomhphunanna sa rang Béarla agus tugadh aip isteach darb ainm uber sense sa rang CO. Míníonn na múinteoirí an tacaíocht a thugann TFC don teagasc agus don fhoghlaim.
Míníonn Múinteoir Tíreolaíochta an úsáid a bhaintear as Scoilnet Maps agus an tairbhe a bhaineann leis. Pléann sé conas mar a mheallann an acmhainn aird a ranga trí ligean dóibh léarscáileanna de cheantair áitiúla a fhiosrú. Baineann siad úsáid as uirlis dhaonáirimh chun sonraí a bhailiú le cur i láthair faoi cheisteanna éagsúla áitiúla. Míníonn sé na gnéithe éagsúla atá ar fáil.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.