Skip to main content

6 Nollaig 2021: €50M i nDeontais TFC chun tacú leis na mic léinn is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil tríd an deighilt dhigiteach.

D’fhógair an Roinn Oideachais maoiniú dar luach €50m mar chuid de Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann (NRRP) faoi shaoráid um maoiniú Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar digiteach chun tacú leis na mic léinn is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil tríd an deighilt dhigiteach. 

Íocfar an maoiniú go díreach le gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta sa scéim oideachais saor in aisce. Mar chuid den bheart sin, gheobhaidh scoileanna sa chlár um Chomhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS) dhá oiread an airgid a chuirtear ar fáil do scoileanna nach scoileanna DEIS iad. Tá eolas iomlán maidir leis na rátaí atá i bhfeidhm agus na critéir agus na coinníollacha a bhaineann leis an maoiniú seo le fáil in imlitir 0060-2021 na Roinne Oideachais.

Tá an Phreaseisiúint ar fáil anseo:

Tá Imlitir 0060-2021 ar fáil anseo:

Dúirt an tAire Foley: “Ní mór dár bpáistí agus dár ndaoine óga ar fad a bheith ullmhaithe chun foghlaim, oibriú agus maireachtáil i ndomhan digiteach. Cuirtear leis an scéim seo leis na gealltanais maidir le maoiniú atá ann cheana féin ó chistí náisiúnta agus déanfar soláthar inti le haghaidh dul chun cinn sa dá réimse thábhachtacha um bonneagar digiteach feabhsaithe do scoileanna agus aghaidh a thabhairt ar fhoghlaimeoirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil tríd an deighilt dhigiteach trí mhaoiniú a sholáthar do scoileanna.

“Rinne pobail scoile céim mór chun tosaigh sa teagasc agus san fhoghlaim dhigiteach le linn na paindéime. Rinne múinteoirí agus scoláirí an-iarracht, agus foghlaimíodh méid ollmhór. Tá a fhios againn chomh maith gur chuir easpa bonneagair isteach ar a gcumas bheith páirteach sa chianfhoghlaim i gcás roinnt mac léinn. Beidh tionchar ag an deighilt dhigiteach seo freisin ar a gcumas bheith páirteach go hiomlán sa teicneolaíocht dhigiteach agus i bhforbairt scileanna digiteacha.

“Agus muid ag bogadh ar aghaidh ón gcéim seo, ní mór dúinn aitheantas a thabhairt don iarracht agus don dul chun cinn iontach atá déanta. Leis an infheistíocht fheabhsaithe faoin NRRP cuirfear chun cinn go mór na hiarrachtaí iontacha a rinneadh lena chinntiú go mbeidh an teicneolaíocht agus an bonneagar i bhfeidhm chun tacú le teagasc agus foghlaim sa seomra ranga ar fud na scoileanna go léir agus chun cuimsiú gach foghlaimeora a chinntiú.”


Plean don Fhoghlaim Dhigiteach

Tá eolas ar Phleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach do scoileanna ar fáil ag www.dlplanning.ie a forbraíodh chun tacú le scoileanna teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.

Treoir agus faisnéis maidir le TFC

Is féidir comhairle TFC maidir le teicneolaíochtaí oiriúnacha a fháil anseo:

Má bhíonn ceisteanna sonracha ag scoileanna maidir le comhairle TFC is féidir na ceisteanna sin a sheoladh ar an ríomhphost chuig ictadvice@pdst.ie

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.