Físeáin Dea-Chleachtais
-
Foireann Foghlama Digití a Bhunú ag Scoil Chaitríona Sinsear, An Rinn Mhór
Roinneann baill foirne ag Scoil Chaitríona Sinsear, An Rinn Mhór, a dtaithí maidir le foireann foghlama digití a bhunú agus a bhainistiú sa scoil. Díríonn siad ar chomhoibriú, piarthacaíocht agus an tionchar dearfach a bhíonn ag cur chuige scoile uile i leith na foghlama digití.
-
Punanna Digiteacha ag Scoil Oideachais Speisialta Uíbh Fhailí
San fhíseán seo, cuireann an fhoireann ag Scoil Oideachais Speisialta Uíbh Fhailí síos ar an dóigh a dtéann siad i ngleic le húsáid punann digiteach agus teicneolaíochta digití chun tacú le teagasc agus foghlaim sa scoil.
-
Códú agus Tionscadal BRICS ag Scoil Náisiúnta Bhaile na Lochlannach, Biorra
Taispeánann múinteoirí agus daltaí ag Scoil Náisiúnta Bhaile na Lochlannach conas a rinne siad fadhbanna sa phobal áitiúil a shainaithint agus a réiteach trí róbataic, trí chódú agus trí fhoghlaim phraiticiúil.
-
Teicneolaíocht Dhigiteach do Mheasúnú a dhéanamh ar Theanga Chainte ag Bunscoil na Tríonóide, Tuaim
Pléann an fhoireann ag Bunscoil na Tríonóide i dTuaim conas a úsáideann siad an teicneolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar theanga chainte agus díríonn siad ar chruthaitheacht, cruthú ábhair, agus cumarsáid a fheabhsú i measc daltaí ina bplean foghlama digití.
-
An Fhoghlaim Dhigiteach a Nascadh le Curaclam Teanga na Bunscoile ag Bunscoil na Tríonóide
Déanann baill foirne ag Bunscoil na Tríonóide i dTuaim plé ar conas a chomhtháthaigh siad pleanáil foghlama dhigiteach le Curaclam Teanga na Bunscoile chun réiteach fadhbanna, cruthaitheacht agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn.
-
IS i Scoil Náisiúnta Mhuire Baile Mhic Andáin
Is múinteoir rang a sé agus Comhordaitheoir Foghlama Digití é Mark Delahunty ag Scoil Náisiúnta Mhuire. Roinneann sé conas is féidir IS a úsáid chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim ina scoil mhór tuaithe. Ó thascanna tuisceana difreáilte go huirlisí measúnuithe cluiche, is féidir IS a úsáid chun ceachtanna a chur in oiriúint do shuimeanna agus cumais daltaí, agus am suntasach pleanála a shábháil.
-
Gléas AAC a Úsáid chun Tacú le Daltaí Uathacha
Pléann Scoil Bhríde, Cill Bhríde conas a úsáideann siad gléasanna AAC le 4 as na 6 daltaí ina rang speisialta.
-
Teicneolaíocht Dhigiteach agus Foghlaim Chuimsitheach in ETNS Bhaile an Phaoraigh
Déanann an príomhoide agus na múinteoirí i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile an Phaoraigh cur síos ar an gcaoi a gcuireann siad Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (UDL) i bhfeidhm ina scoil.
-
Teicneolaíocht Dhigiteach agus Foghlaim Chuimsitheach in ETNS Chill Dhéagláin
Déanann an príomhoide agus na múinteoirí i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Chill Dhéagláin cur síos ar na cleachtais chuimsitheacha a úsáideann siad mar scoil il-sainchreidmheach ina bhfuil teangacha iolracha agus raon leathan de riachtanais éagsúla.