Físeáin Dea-Chleachtais
-
Dearcadh an Scoláire: Punanna Digiteacha um Measúnú Foirmitheach
Déanann scoláirí i Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chill Mhantáin cur síos ar an gcaoi ar bhain siad úsáid as an teicneolaíocht chun punanna digiteacha a chruthú chun a Measúnuithe Rangbhunaithe a chríochnú.
-
Róbataic agus Códú faoi scáth an Tionscadail WEAVE
Tugann múinteoirí agus daltaí de chuid Scoil Náisiúnta Buachaillí Mhuire na mBuanna cuntas ar an mbaint a bhí acu leis an tionscadal WEAVE, fad is a roinntear tuairimí ó dhearcadh fhoireann na scoile agus na ndaltaí araon. Aird á tarraingt acu ar na naisc traschuraclaim atá ann agus na tairbhí scileanna idirphearsanta atá le baint ó bheith páirteach ann.
-
Conas Tabhairt Faoi Thionscadal Traschuraclaim Dhigitigh
Agus í ag múineadh i Scoil Náisiúnta Buachaillí Mhuire na mBuanna, tugann Múinteoir Michelle Brady cuntas ar an leas a bhaineann sí as acmhainní digiteacha agus nithiúla éagsúla d’fhonn daltaí a mhealladh i mbun plé le hábhair ar bhealaí éagsúla. Chuige seo, cuireann sí uirlisí um ábhair a chruthú chun tairbhe agus gach duine ag obair i dteannta a chéile i spás tionscadail traschuraclaim.
-
Teagasc agus Foghlaim le Encyclopedia Britannica (Bunscoil)
Sa scoil seo, tá athrú á dhéanamh ar an bhfoghlaim dhigiteach trí úsáid Britannica School, ciclipéid ar líne atá oiriúnach do dhaltaí bunscoile. I ngníomhaíochta ranga le déanaí, scrúdaigh na foghlaimeoirí ríocht na n-ainmhithe le húsáid a bhaint as an uirlis seo—ag cruthú tráth na gceist go comhoibríoch, ag déanamh taighde neamhspleách, agus ag glacadh páirt i bhfoghlaim piaraí.
-
Ceannairí Foghlama Gairmiúla: Forléargas ar an mBonneagar Teicneolaíochta Digití
San fhíseán seo ónár sraith Leading Digital Learning, déanann Tom Lonergan, Comhordaitheoir Náisiúnta an Tionscnaimh um Chomhtháthú Teicneolaíochta, agus Deirdre Redmond, Oifigeach Tionscadail, cur síos ar na treoireacha a sholáthar do scoileanna maidir le gach gné de na teicneolaíochtaí digiteach.
-
Ceannairí Foghlama Gairmiúla: 3. Foghlaim Dhigiteach a Leabú i mBunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Leading Digital Learning, léiríonn Niall Larkin, Ceannaire Sinsearach le haghaidh na dTeicneolaíochtaí Digiteacha, príomhphointí faoi scoileanna atá cumasach maidir le húsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha.
-
Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil i mBunscoileannaCeannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil i mBunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, labhraíonn Niall Larkin, Ceannaire Foirne do Theicneolaíochtaí Digiteacha, faoina thábhachtaí atá sé plean foghlama digiteach atá curtha i dtoll a chéile go córasach a bheith ann ar dtús ina ndírítear ar an bpróiseas foghlama seachas ar na gléasanna atá le húsáid sula gcuirtear tús le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go héifeachtach.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i Scoil Náisiúnta Naomh Iósaf Baile an Bhrúnaigh
Pléann Séamus Barry, Leas-Phríomhoide ag Scoil Náisiúnta Bhaile an Bhrúnaigh, conas a úsáideann siad cur chuige céim ar chéim chun a bplean chun foghlaim dhigiteach a chur i bhfeidhm. Cloisimid freisin ón gCoiste Digiteach agus ón bhfoireann agus léiríonn na daltaí conas a úsáideann siad aipeanna ar nós ChatterPix agus Toontastic sa seomra ranga.
-
Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil in Iar-Bhunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, labhraíonn Niall Larkin, Ceannaire Foirne do Theicneolaíochtaí Digiteacha, faoina thábhachtaí atá sé plean foghlama digití atá curtha i dtoll a chéile go córasach a bheith ann ar dtús ina ndírítear ar an bpróiseas foghlama seachas ar na gléasanna atá le húsáid sula gcuirtear tús le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go héifeachtach.