Físeáin Dea-Chleachtais
-
Foireann Foghlama Digití a Bhunú ag Scoil Chaitríona Sinsear, An Rinn Mhór
Roinneann baill foirne ag Scoil Chaitríona Sinsear, An Rinn Mhór, a dtaithí maidir le foireann foghlama digití a bhunú agus a bhainistiú sa scoil. Díríonn siad ar chomhoibriú, piarthacaíocht agus an tionchar dearfach a bhíonn ag cur chuige scoile uile i leith na foghlama digití.
-
Códú agus Tionscadal BRICS ag Scoil Náisiúnta Bhaile na Lochlannach, Biorra
Taispeánann múinteoirí agus daltaí ag Scoil Náisiúnta Bhaile na Lochlannach conas a rinne siad fadhbanna sa phobal áitiúil a shainaithint agus a réiteach trí róbataic, trí chódú agus trí fhoghlaim phraiticiúil.
-
Róbataic agus Códú faoi scáth an Tionscadail WEAVE
Tugann múinteoirí agus daltaí de chuid Scoil Náisiúnta Buachaillí Mhuire na mBuanna cuntas ar an mbaint a bhí acu leis an tionscadal WEAVE, fad is a roinntear tuairimí ó dhearcadh fhoireann na scoile agus na ndaltaí araon. Aird á tarraingt acu ar na naisc traschuraclaim atá ann agus na tairbhí scileanna idirphearsanta atá le baint ó bheith páirteach ann.
-
Conas Tabhairt Faoi Thionscadal Traschuraclaim Dhigitigh
Agus í ag múineadh i Scoil Náisiúnta Buachaillí Mhuire na mBuanna, tugann Múinteoir Michelle Brady cuntas ar an leas a bhaineann sí as acmhainní digiteacha agus nithiúla éagsúla d’fhonn daltaí a mhealladh i mbun plé le hábhair ar bhealaí éagsúla. Chuige seo, cuireann sí uirlisí um ábhair a chruthú chun tairbhe agus gach duine ag obair i dteannta a chéile i spás tionscadail traschuraclaim.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i Meánscoil na Toirbhirte, Port Láirge
Pléann an fhoireann i Meánscoil na Toirbhirte, Port Láirge, an bonneagar agus bainistíocht gléasanna sa scoil, FGL na foirne agus na tionscadal teicneolaíochta atá á rith ag foireann agus daltaí ar fud na scoile.
-
Ag Cumasú Daltaí le Teicneolaíochtaí Digiteacha a Threorú
Déanann daltaí agus baill foirne i Meánscoil na Toirbhirte, Port Láirge cur síos ar an gcur chuige atá acu i leith na foghlama digití sa scoil agus ar an gcaoi a bhfuil idir dhaltaí agus bhaill foirne páirteach sa phleanáil. Cloisimid freisin ó chuid dá gCúntóirí Digiteacha.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i Scoil Náisiúnta an Bhaile Duibh
Déanann Olivia Buckley, Príomhoide Gníomhach agus Comhordaitheoir Digiteach i Scoil Náisiúnta an Bhaile Duibh, cur síos ar an gcaoi a dtéann Coiste Foghlama Digití na scoile i ngleic le pleanáil foghlama digití agus conas a bhainistíonn siad aipeanna agus gléasanna trí leibhéil éagsúla sa scoil. Pléann sí freisin conas is féidir an teicneolaíocht a úsáid le haghaidh tacaíochta foghlama, daltaí le Béarla mar Theanga Bhreise agus réiteach fadhbanna.
-
Oideachas Minecraft a úsáid sna Grafaicí
Agallamh le múinteoir faoin úsáid a bhaintear as Minecraft sna ranganna Grafaicí. Pléann sé an nasc atá cruthaithe aige idir tógálacha 3D in Minecraft agus líníochtaí 2D ar pháipéar ina chuid ranganna. Oibríonn na daltaí le chéile mar fhoireann chun an dúshlán a chur i gcrích agus déanann siad taifeadadh ar an dul chun cinn acu ag baint úsáid as íomhánna agus Keynote.
-
Úsáid a bhaint as Táibléid sa OSIE
Déanann múinteoir rang 1 cur síos ar an gcaoi a úsáideann a rang acmhainní digiteacha sa OSIE le haghaidh obair thionscadail. Baineann daltaí úsáid as Book Creator le haghaidh scríbhneoireacht nós imeachta agus Scratch Jnr chun torthaí a dTurgnaimh eolaíochta a chódú. Baintear úsáid as TFC le haghaidh ábhar a chruthú sa seomra ranga agus is príomhuirlis measúnaithe é.